Header

Menu

play soundclip for Molly Na gCuach Ní Chuilleanáin

Molly Na gCuach Ní Chuilleanáin

Traditional Arrangement Eithne Ní Uallacháin
Ar meisce cha dtéimse nios mó Braon leanna go deo ní bhlaisfidh mé Ó chail mé mo chailín beag óg A chuireach i'm phócaí an t-airgead Chorus Is fada liom uaim í uaim í Is fada liom uaim í ó d'imigh sí Is fada liom thíos agus thuas í Molly na gCuach Ní Chuilleanáin Déanfaidh mé tigh ar an ard Is beidh ceithre bó bána breac agam Is ní ligfidh mé'n duine dá gcomhair Ach Molly dheas bhán Ní Chuilleanáin Chorus Is fada liom uaim í uaim í Is fada liom uaim í ó d'imigh sí Is fada liom thíos agus thuas í Molly na gCuach Ní Chuilleanáin Da mbeinnse i ndeacair an bháis Is na daoine á rá nach dtiocfainn as Ní dhéanfainn mo thiomna go bráth Go dtiocfadh Moll Bhán Ní Chuilleanáin Chorus Is fada liom uaim í uaim í Is fada liom uaim í ó d'imigh sí Is fada liom thíos agus thuas í Molly na gCuach Ní Chuilleanáin Bhí mise lá ar an choill Is tharla dom soilse bhradóige Dhéanfadh si marbhán beo Nó buachaill deas óg den tseanduine Chorus Is fada liom uaim í uaim í Is fada liom uaim í ó d'imigh sí Is fada liom thíos agus thuas í Molly na gCuach Ní Chuilleanáin

Available On

Albums

Versions